WLRFM
Lifestyle

An Rinn Irish College back to in person this year

An Rinn Irish College back to in person this year

Daonscoil na Mumhan has announced it will be held in person this year in Coláiste na Rinne, An Rinn.

The summer school has the theme of “The Centenary Commemoration: The Free State and Independence” and will take place from the 14th - 19th of August.

Daonscoil will host a number of guest speakers who will take a look at the history of the country in the early 1920s.

Gearóid Denvir, academic writer, poet, and editor will speak on the legacy of Irish language writer, Pádraig Ó Mileadha from Sliabh gCua, Seán Ó Laoi, who is a tutor in the Centre for Spoken Irish in UCC, will give his perspective on the spirit of the period 1922 to 2022, and Máirín Ní Ghadhra, broadcaster, and journalist with RTÉ Raidió na Gaeltachta and TG4 will speak about half a century of Irish language broadcasting.

Advertisement

On Monday, 15 August, Gearóid Denvir will also present a collection of Pádraig Ó Mileadha’s personal papers to the Library in Coláiste na Rinne, making a significant tribute to the college's research resources.

What to expect?

Over the five days, students will take part in daily tasks and activities such as singing classes with Áine Ní Fhiannusa, poetry workshops with Colm Ó Ceallacháin, and drama classes with Bernadette Watson. They will also have the chance to enjoy a drama performance, table quiz, and poetry and music sessions.

A Daonscoil Concert will take place on August 18th with musicians from Cúl Ceoil playing from 8:30.  This is considered one of the highlights of the five days.

Daonscoil na Mumhan will also welcome a group of Irish language learners from the United States, Britain, and other overseas countries again this year. These adult learners will be spending two weeks in Gaeltacht na nDéise, where they will attend various Irish language events in the college during their trip. They will also have the opportunity to attend certain events organised by the Daonscoil.

Advertisement

Daonscoil na Mumhan is the oldest summer school in the country and is situated in the Waterford Gaeltacht.

If you are interested in attending the summer college this year, all the information you need is on their website. 

For more Waterford stories, click here

~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~

Tar éis dhá bhliain de bheith ag teacht le chéile ar-líne, tá áthas ar Choiste eagraithe Dhaonscoil na Mumhan a fhógairt go mbeidh an scoil samhraidh is sine sa tír ar siúl arís beo, i bpearsain i gColáiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise níos déanaí an mhí seo.

“Comóradh an Chéid: Saorstát agus Neamhspleáchas” an téama a bheidh ar Dhaonscoil na bliana seo, a bheidh ar siúl i gColáiste na Rinne sa Rinn ón 14-19 Lúnasa. Le blianta beaga anuas tá ceiliúradh agus comóradh á dhéanamh ag muintir na hÉireann ar bhunú an Stáit agus sinn i lár Chomóradh an Chéid. Beidh aoichainteoirí na Daonscoile i mbliana ag caitheamh súil siar ar stair na tíre seo i dtús na 1920daí agus go leor le plé ag: Gearóid Denvir, scríbhneoir acadúil, file agus eagarthóir, a labhróidh ar oidhreacht Phádraig Uí Mhileadha, Seán Ó Laoi, atá ina theagascóir in Ionad na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus a bheidh ag caint mar gheall ar dhearcadh spiorad na tréimhse 1922 go 2022, agus Máirín Ní Ghadhra, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le TG4, a labhróidh faoi leathchéad bliain den chraoltóireacht Gaeilge.

Chomh maith leis sin, ar an Luan, 15 Lúnasa bronnfaidh Gearóid Denvir cnuasach de pháipéirí pearsanta Phádraig Uí Mhileadha ar Leabharlann Choláiste na Rinne. Is onóir an-mhór ar fad é seo agus cuirfidh sé go mór le foinsí taighde an Choláiste.

Taobh amuigh des na léachtanna gach lá, leanfar ar aghaidh le gnáth-imeachtaí na Daonscoile, sé sin ranganna amhránaíochta le Áine Ní Fhiannusa; ceardlanna filíochta le Colm Ó Ceallacháin agus ranganna/ceardlanna drámaíochta le Bernadette Watson gach lá. Beidh seans acu siúd a bheidh ag freastal ar an Daonscoil taitneamh a bhaint as seisiúin cheoil, taispeántas Drámaíochta, Tráth na gCeist agus Cúirt Filíochta.

Ceann de bhuaicphointí na seachtaine ná Coirmcheoil na Daonscoile, a reachtáilfear oíche Déardaoin, 18 Lúnasa in Halla Éisteachta Choláiste na Rinne ar a 8.30 i.n., le ceoltóirí Chúl Ceoil ó Chúl na Sméar. Beidh fáilte roimh chách.

Cuirfear fáilte roimh ghrúpa d’fhoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh ag teacht os na Stáit Aontaithe, ón Bhreatain agus ó thíortha eile thar lear chuig an Daonscoil arís i mbliana. Beidh siad ag caitheamh coicíse i ndúthaigh álainn na nDéise, áit a bhfreastalóidh siad ar imeachtaí éagsúla Gaeilge sa Choláiste le linn a dturas agus deis acu freastal ar imeachtaí áirithe de chuid na Daonscoile.

Bunaíodh Daonscoil na Mumhan mar sheachtain chaidrimh agus oideachais do dhaoine fásta a labraíonn an Ghaeilge agus baileoidh múinteoirí, foghlaimeoirí Gaeilge agus go leor daoine eile isteach i nGaeltacht na nDéise i mí Lúnasa chun taitneamh a bhaint as seachtain lán d’imeachtaí cultúrtha, idir chainteanna, ranganna, cheardlanna amhránaíochta, filíochta, drámaíochta agus phróis, tráth na gceist agus coirmcheoil - sé lá ina shnaidhmfí forbairt chultúrtha agus foghlaim, cairdeas agus canadh, ceol agus cadráil cois mara thoir sa Rinn.

Má tá suim agatsa freastal ar Dhaonscoil na Mumhan i mbliana (tá táillí lae/seachtaine i gceist), is féidir an t-eolas ar fad, maraon le clár na Daonscoile a fháil ag www.daonscoilnamumhan.com. Is féidir clárú tríd an suíomh idirlíon chomh maith nó trí theagmháil a dhéanamh le [email protected][email protected] 0862227533

Advertisement